Déanfar ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar Bob Quinn, ceannródaí an scannáin Gaeilge le linn an fhéile Bealtaine. Stiúraigh Bob Quinn Poitín, an chéad fad scannán Gaeilge riamh i 1978. Léiríodh an scannán sa Ghaeltacht i gConnamara agus bhí ról lárnach ag roinnt aisteoirí ba mhór le rá, Cyril Cusack, Neil Toibín agus Mick Lally ina measc. Scéal faoi fear déanta poitín agus a iníon ar bhealach é ach ní scéal maoithneach é ach oiread. Tá greann agus íomhánna de thírdhreach iargúlta fite fuaite tríd an saothar. Beidh an scannán iomráiteach seo ar siúl sa Lárleabharlann ar an Deardaoin, 14 Bealtaine ag 18:15. Ní gá clárú don ócáid, ach beidh tús freastal ar an gceann is túisce.
Join us at the Central Library on Thursday, 14 May at 18:15 to watch Bob Quinn’s iconic Irish language film, Poitín, with subtitles. Open to all adults on a first come first seated basis.



